Treoirlínte maidir le freastal ar chruinnithe Údaráis

Tá fáilte roimh bhaill den phobal agus ionadaithe páirtithe leasmhara agus grúpaí spéise chun freastal ar chruinnithe an Údaráis go poiblí. Ní ghearrtar aon mhuirear chun freastal; 

Más spéis leat freastal ar cheann dár gcruinnithe, tiocfaidh tú ar ár leathanach sonraí faoinár gcruinnithe a bheidh ag teacht aníos.  Iarraimid ort clárú sula bhfreastalaíonn tú ar chruinniú trí úsáid a bhaint as an tsaoráid áirithinte ar an leathanach ‘Cruinnithe a bheidh ag teacht aníos’ chun saincheisteanna pleanála cumais a éascú agus saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhainistiú.

 

Roimh an gcruinniú

  • Foilseofar sonraí faoi conas clárú ar láithreán gréasáin an Údaráis thart ar sheachtain amháin roimh gach cruinniú. Nuair a chláraíonn tú, eiseofar ticéad duit ar cheart duit a thabhairt leat chuig an gcruinniú;
  • Ba cheart d’aon bhall den phobal óna dteastaíonn aon chúnamh speisialta teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Póilíneachta roimh an gcruinniú, ar an nguthán trí ghlao ar 01 8589090 nó ar ríomhphost ag events@policingauthority.ie
  • Ar theacht chuig an gcruinniú, ba cheart don lucht freastail a dticéad a thaispeáint agus an bhileog thinrimh a shíniú;
  • Ba cheart go mbeadh an lucht freastail suite deich nóiméad sula dtosaíonn an cruinniú;
  • Caithfidh an lucht freastail treoracha na maor a leanúint fad a bhíonn siad san áitreabh;

 

I rith an chruinnithe

Rannpháirtíocht atá sa chruinniú idir an tÚdarás agus Coimisinéir an Gharda Síochána a mbíonn baill den phobal agus de na meáin i láthair lena feiceáil. Ní bheidh aon deiseanna ann don lucht féachana chun páirt a ghlacadh sa chruinniú.

Ba cheart don lucht freastail an méid seo a leanas a thabhairt faoi deara:

  • Tabharfar faoin ngnó go léir ag cruinnithe an Údaráis tríd an gCathaoirleach. Is féidir leis an gCathaoirleach an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • a ordú nach bpléitear ceist ar leith sa chruinniú ar chúiseanna rúndachta;
    • a ordú go n-atreoraítear ceist chuig cruinniú a chuirfear ar siúl go príobháideach, gan baill den phobal ná de na nuachtáin a bheith i láthair, d’fhonn rúndacht a chosaint;
    • a iarraidh go mbíonn duine aonair ciúin, go suíonn siad síos nó go bhfágann siad an cruinniú má chuireann a n-iompar isteach ar an gcruinniú;
  • Caithfear ciúnas a choimeád ag gach tráth agus más gá do dhuine den lucht freastail an seomra a fhágáil i rith an chruinnithe, iarrtar orthu amhlaidh a dhéanamh go ciúin gan cur isteach ar an gcruinniú;
  • Ba cheart gutháin phóca a mhúchadh agus féadtar iarraidh ar an lucht freastail gléasanna eile leictreonacha a mhúchadh má chuireann siad isteach ar an gcruinniú;
  • Ní féidir bia agus deoch a ithe/a ól sa seomra cruinnithe;
  • Tabhair faoi deara, le do thoil, déanfar an t-imeacht a shruthú beo ar an idirlíon agus déanfar fístaifeadadh den chruinniú le haghaidh craoladh ar líne. Ba cheart go mbeadh an lucht freastail ar an eolas gur féidir le duine ar bith atá i láthair bheith mar chuid den taifead sin.