Faoin Údarás

Bunaíodh an tÚdarás Póilíneachta mar chomhlacht neamhspleách le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht An Gharda Síochána maidir le seirbhísí póilíneachta in Éirinn. 

Is iad príomhchuspóirí an Údaráis ná muinín agus iontaoibh i bpóilíneacht a chur chun cinn agus cúnamh a thabhairt do sheirbhísí póilíneachta in Éirinn sa todhchaí. 

Is comhlacht reachtúil é an tÚdarás, a bhunaigh in Acht an Gharda Síochána (An tÚdarás Póilíneachta agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2015 ar Cuirtear réimse leathan feidhmeanna ar fáil tríd an Acht don Údarás agus bhí cuid acu sin faoi fhreagracht an Rialtais nó an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta roimhe seo.

Ár gCuid Oibre

Maoirseacht ar Phóilíneacht

Maoirseacht ar Phóilíneacht

Feasacht an Phobail agus Rannpháirtíocht

Feasacht an Phobail agus Rannpháirtíocht

Ceapacháin

Ceapacháin

Taighde

Taighde

quote

Seirbhís phóilíneachta atá eiticiúil, éifeachtach agus bunaithe ar chearta an duine agus as a mbíonn muinín ag an bpobal a bhfreastalaíonn sí air, muinín atá tuillte aici mar sheirbhís ó phobal atá ag éirí níos éagsúla i gcónaí.

Foghlaim níos mó fúinn

An tÚdarás

Tá ochtar ball san Údarás faoi láthair – an cathaoirleach agus seachtar gnáthbhall. Ceapann an Rialtas na baill trí phróiseas roghnúcháin a ritheann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá foireann ag obair i gcroílár an Údaráis agus tá an Phríomhfheidhmeannach i gceannas orthu.

Rialachas Corparáideach

Tá rialachas corparáideach maith lárnach le go mbeidh an tÚdarás in ann a oibleagáidí reachtúla a bhaint amach ina n-iomláine i gceart.

Déantar cur síos inár An tÚdarás Póilíneachta Creat Rialachais Meitheamh ar ár struchtúir, ár bpolasaithe agus ár bpróisis atá i bhfeidhm chun na hoibleagáidí seo a bhaint amach. Cuirtear measúnú cuspóra ar fheidhmíocht bhainistíochta agus chorparáideach ar fáil freisin

Saoráil Faisnéise

Ta an tÚdarás Póilíneachta tiomanta i dtrédhearcacht agus foilsítear a gcuid miontuairiscí agus tuairiscí go rialta. Freisin, faoin An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014, is féidir le heolas atá ag an tÚdarás Póilíneachta agus nach bhfuil ar fáil trí seirbhísí eile, a iarraidh. Lena n-áirítear rochtain ar shonraí pearsanta agus ábhair eile atá ag an Údarás.

Deiseanna Soláthair

Cuireann an tÚdarás earraí agus seirbhísí ar fáil bunaithe ar phróisis iomaíocha tairisceana.

Deiseanna Gairme

Is fostóir nua-aimseartha, forásach é an tÚdarás agus tá sé an-bhródúil as a fhórsa oibre proifisiúnta agus meabhrach agus as an gcultúr cairdiúil agus tacúil. Mar fhostóir de chuid na státseirbhíse, creidtear i dtimpeallacht oibre den scoth agus deiseanna cuí forbartha gairme a chur ar fáil.

Comhchomhairle

Bíonn an tÚdarás i gcónaí eolach faoin gcúram atá orthu mar chuid den obair freastal ar an bpobal agus na saoránaigh . Cuireann muid fáilte roimh, agus ó am go chéile, bíonn muid ag lorg cuidiú agus dearcadh an phobail agus páirtithe leasmhara maidir lenár straitéisí agus ár bpolasaithe agus deis chun na saincheisteanna a cheapann tú gur cheart dúinn a chur in ord tosaíochta a thabhairt chun solais

Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Tá an tÚdarás tiomanta seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil dá chustaiméirí. Leagtar amach inár gCairt Seirbhís do Chustaiméirí ár ról agus an caighdeán dár seirbhísí a bhféadfá a bheith ag súil leis uainn.