Saoráil Faisnéise (FOI)

Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ceadaítear do bhaill an phobail rochtain a fháil ar fhaisnéis arna coinneáil ag an Údarás Póilíneachta nach mbíonn teacht uirthi de ghnáth trí fhoinsí eile. Tugann sé an ceart do dhaoine go ndéantar leasú nó uasdátú ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis/léi féin, i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach agus go dtugtar do dhaoine na cúiseanna a bhaineann le cinntí arna ndéanamh ag an Údarás Póilíneachta agus a dtéann i bhfeidhm orthu féin.

Iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh

Más maith leat iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh ar an Údarás Póilíneachta, ba cheart iarratas a dhéanamh i scríbhinn nó i ríomhphost.  Tuilleadh eolais maidir le hIarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh

Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise

Foilsíonn an tÚdarás Póilíneachta liosta de na hiarratais go léir ar Shaoráil Faisnéise neamhphearsanta arna bhfáil ag an Údarás.  Tuilleadh eolais maidir leis an Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise

Iarratais ar Shaoráil Faisnéise a Fhoilsiú

Foilsíonn an tÚdarás Póilíneachta liosta de na hiarratais go léir ar Shaoráil Faisnéise neamhphearsanta arna bhfáil ag an Údarás.  Tuilleadh eolais maidir le hIarratais a Fhoilsiú