Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí

Tá an tÚdarás tiomanta do sheirbhís ghairmiúil, éifeachtúil agus cúirtéiseach a chur ar fáil dóibh sin ar fad a dhéanann teagmháil linn agus táimid tiomanta d’ardchaighdeán seirbhíse de réir na bprionsabal a bhaineann le Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí. Leagtar síos i gCairt Chustaiméirí agus i bPlean Gníomhaíochta Seirbhísí do Chustaiméirí an Údaráis Póilíneachta an caighdeán seirbhíse ar féidir le daoine a bheith ag súil leis nuair a bhíonn siad ag plé leis an Údarás agus mínítear an chaoi ar féidir leat dul i dteagmháil leis an Údarás i dtaca leis na feidhmeanna éagsúla a chuireann sé i gcrích. Déantar cur síos ar na leibhéil seirbhíse a bhfuil gach custaiméir i dteideal a bheith ag súil leis ina phlé leis an Údarás agus ár dtiomantas a chinntiú go gcothaítear na leibhéil seirbhíse sin. Tugann sé faisnéis ar chaighdeáin seirbhíse, teagmháil ar an teileafón, comhfhreagras scríofa, cumarsáid ar líne, cumarsáid nach mbaineann leis an Údarás a chur i dtreo eile, freastal ag ár n-oifigí, aiseolas, soláthraithe, seirbhísí trí Ghaeilge, saoráil faisnéise, comhionannas/éagsúlacht, nósanna imeachta gearán agus cruinniú den Údarás a bhíonn ar siúl go poiblí mar aon le sonraí teagmhála le haghaidh príomhréimsí den Údarás. Leagtar amach freisin ár n-ionchais maidir leis an gcaoi a n-iompróidh ár gcustaiméirí iad féin.

 

Mura bhfuil tusa sásta leis an gcaighdeán seirbhíse a sholáthraíonn an tÚdarás nó a sholáthraíonn an fhoireann thar ceann an Údaráis mholfaimis duit an cheist a ardú go díreach leis an té lena mbaineann. Mura réitítear an cheist chun sástachta duit, féadfaidh tú gearán foirmiúil a dhéanamh ach an fhoirm ghearáin a íoslódáil agus a chomhlánú (thíos) agus é a chur ar ríomhphost chuig customerservice@policingauthority.ie.