Is é príomhfhócas obair an Údaráis ná maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Gharda Síochána i seirbhísí poiblí a chur ar fáil. Déanann muid é seo ar bhealaí éagsúla a ndéantar cur síos orthu thíos: - Cruinnithe roimhe seo

 

Cur síos ar Phóilíneacht

Is é príomhaidhm an Údaráis Phóilíneachta ná maoirseacht a dhéanamh ar an nGarda Síochána i seirbhísí póilíneachta a chur ar fáil. Déanann muid é seo ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear:

  • Ráiteas Straitéiseach trí bliana An Gharda Síochána a cheadú
  • An Plean Bliantúil Póilíneachta a cheadú
  • Tosaíochtaí Póilíneachta agus spriocanna feidhmíochta don Gharda Síochána a leagan amach
  • Leagann an tÚdarás Póilíneachta amach tosaíochtaí agus spriocanna feidhmíochta don Gharda Síochána; ceadaíonn sé Ráiteas Straitéiseach trí bliana An Gharda Síochána agus an Plean Bliantúil Póilíneachta; reáchtálann sé cruinnithe le Coimisinéir na nGardaí lena n-áirítear cruinnithe poiblí ar a laghad cúig huaire sa mbliain, atá beoshrutha agus atá ar fáil le craoladh ag na meáin. Tá cartlann de na cruinnithe seo ar fáil i
  • Cruinnithe roimhe seo
  • Físeáin
  • Cainéal YouTube an Údaráis Póilíneachta
  • Acmhainní neamhspleácha faisnéise a fhorbairt le feidhmíocht a mheas trí theagmháil a dhéanamh leis na bpáirtithe leasmhara
  • Maoirseacht a fhorbairt agus a dhéanamh ar neadú an Chóid Eitice ina leagtar amach caighdeáin riarthe agus chleachtais don Gharda Síochána – breathnaigh ar an gCód Eitice (pdf)
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar shocruithe agus meicníochtaí taobh istigh den Gharda Síochána do
    • Rialachas Corparáideach
    • Earcaíocht, traenáil agus forbairt
    • Tomhais feidhmíochta agus freagracht
    • Bainistíocht agus úsáid acmhainní
  • Tuairisciú agus comhairle a chur ar an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta a thagann as feidhmeanna an Údaráis agus ar iarraidh

 

Coinní

Tugann an tÚdarás faoi réimse gníomhaíochtaí a bhaineann le pearsanra a cheapadh don Gharda Síochána, lena n-áirítear

  • Ag ainmniú daoine do cheapachán faoin Rialtas do phoist Choimisinéir na nGardaí agus Leas-Choimisinéir na nGardaí
  • Ag tabhairt faoi chomórtais roghnúcháin le ceapacháin do ghráid shinsearacha an Choimisinéara Chúnta, an Ard-Cheannfoirt agus an Cheannfoirt
  • Ag cur ceapacháin ar fáil do na poist shinsearacha seo agus poist shibhialtacha shinsearacha
  • Ag ceadú na foirne sibhialtacha
  • Ag déanamh maoirseachta ar agus ag tabhairt faoi réimse feidhmeanna eile maidir le pleanáil an luchta saothair, earcaíocht, ardú céime agus traenáil agus socrúcháin ghaolmhara dóibh seo agus céimeanna eile agus gráid na foirne

Go dtí seo is iad an Garda Síochána agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionnais a thug faoi na feidhmeanna seo.

 

Feasacht Phoiblí & Rannpháirtíocht

Cuireann an tÚdarás Póilíneachta luach ard ar thrédhearcacht chun feasacht ar fheidhmíocht póilíneachta a chur chun cinn agus saincheisteanna gaolmhara i bPobal na hÉireann lena n-áirítear don phobal agus páirtithe eile a bhfuil suim acu ann. Déantar teagmháil agus tarraingítear isteach na páirtithe leasmhara le foghlaim faoi agus aiseolas a fháil faoi na rudaí a mbítear ag súil leo agus taithí a chuirtear ar an eolas iad faoin obair trí:

  • Cláir oibre agus miontuairiscí chruinnithe an Údaráis a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin
  • Cruinnithe agus imeachtaí eile a reáchtáil go poiblí
  • Comhairliúcháin phoiblí a reáchtáil le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne
  • Ag plé go díreach le príomhpháirtithe leasmhara ar nós Comhchoistí Póilíneachta agus na sochaí shibhialta
  • Tuarascálacha agus ábhar eile a fhoilsiú ar ár láithreán gréasáin


Taighde

D’fhéadfadh an tÚdarás Póilíneachta tabhairt faoi thionscadail taighde, iad a choimisiúnú nó cúnamh a thabhairt maidir leis na seirbhísí póilíneachta a bhaineann leo.

Breathnaigh ar Théarmaí Tagartha an Údaráis Phóilíneachta le haghaidh tuilleadh eolais faoi fheidhmeanna iomlána an Údaráis.

An méid atá bainte amach againn go dtí seo.

Find out more

To find out more about what the Policing Authority has done so far click here.

Other Policing Oversight Organisations

Tá ról ag roinnt eagraíochtaí eile i ngnéithe eile de mhaoirsiú póilíneachta, mar seo a leanas:

  • Pléann GSOC le gearáin ó bhaill an phobail maidir le hiompar chomhaltaí an Gharda Síochána
  • Tugann Cigireacht an Gharda Síochána faoi iniúchtaí nó fiosrúcháin ar ghnéithe áirithe d’obair agus de riarachán an Gharda Síochána

Níl aon ról ag an Údarás maidir le déileáil le gearáin aonair. Coinnítear é, áfach, go ginearálta ar an eolas faoi ghearáin a rinneadh agus faoi chur i bhfeidhm na Rialachán araíonachta.

Tá eolas ar na difríochtaí idir feidhmeanna an Údaráis Póilíneachta, GSOC agus Cigireacht an Gharda Síochána ar fáil i Ról na 3 ghníomhaireacht - Bileog Eolais (pdf)