Cruinnithe den Údarás Póilíneachta

Bíonn cruinniú lae ag an Údarás gach mí, seachas i mí Lúnasa. Foilsítear clár oibre an chruinnithe sin ar an suíomh gréasáin seachtain roimh ré agus is féidir é a fháil i gCruinnithe ar na Bacáin. Foilsítear sceideal na gcruinnithe don bhliain roimh ré agus déantar idirdhealú idir cruinnithe a bheidh ar siúl go príobháideach nó go poiblí.

 

Cruinnithe an Údaráis Póilíneachta le Coimisinéir na nGardaí

Gné lárnach de mhaoirsiú an Údaráis is ea an obair a dhéanann sé le Coimisinéir na nGardaí agus áirítear cruinniú le Coimisinéir na nGardaí i ngach cruinniú míosúil. Éilítear in Acht an Gharda Síochána (An tÚdarás Póilíneachta agus Forálacha Ilghnéitheacha), 2015 go mbeadh ceithre chruinniú ar a laghad ag an Údarás leis an gCoimisinéir gach bliain agus go mbeidís ar siúl go poiblí agus ar fáil le craoladh ag na meáin. Bhí cúig chruinniú ag an Údarás leis an gCoimisinéir go poiblí gach bliain go dtí seo.

 

Cruinnithe a bhíonn ar siúl go poiblí

Ceann de phríomhluachanna an Údaráis Póilíneachta is ea trédhearcacht agus d’fhonn cloí leis sin agus lena oibleagáidí reachtúla, bíonn roinnt dá chuid cruinnithe ag an Údarás le Coimisinéir na nGardaí go poiblí. Is féidir leis an bpobal agus leis na meáin freastal ar na cruinnithe sin agus déantar beoshruthú orthu ionas gur féidir breathnú orthu ar líne. Tá taifeadtaí de chruinnithe roimhe seo ar fáil le féachaint orthu agus is féidir iad a fháil in:

Bhí cúig chruinniú ar an iomlán ar siúl go poiblí in 2016 agus 2017 agus leanfar de sin in 2018 agus bhí cruinnithe ar siúl go poiblí go dtí seo i bhFeabhra, Aibreán, Meitheamh agus Meán Fómhair agus tá cruinniú eile ar na bacáin le haghaidh mhí na Samhna. Ina theannta sin bhí ócáid phoiblí ar siúl i mí na Bealtaine 2018 ag ar tugadh páirtithe leasmhara le chéile chun Tuarascáil ar Iniúchadh Cultúir an Gharda Síochána a phlé.

Cumhdaítear raon topaicí lena n-áirítear feidhmíocht póilíneachta sa chlár oibre le haghaidh cruinnithe le Coimisinéir na nGardaí, ina measc saincheisteanna atá i mbéal an phobail. Pléitear freisin an Tuarascáil Mhíosúil ón gCoimisinéir chuig an Údarás Póilíneachta.

Téann roinnt clár oibre i ngleic le téama ar leith as a bhféadtar plé níos grinne a dhéanamh ar topaicí tábhachtacha áirithe. Go dtí seo bhí Póilíneacht ar na Bóithre (Aibreán 2017), Oiliúint (Bealtaine 2017), Leanaí (Aibreán 2018), Éagsúlacht (Meitheamh 2018) i measc na dtopaicí. Ullmhaítear na cruinnithe téamacha sin go hiondúil i gcomhairle le grúpaí ábhartha sa tsochaí shibhialta agus tugann siad fócas agus fóram le haghaidh plé poiblí ar réimsí a bhfuil spéis ar leith ag an bpobal iontu.

 

Ag freastal ar Chruinnithe a bhíonn ar siúl go poiblí:

Cuirtear fáilte roimh dhaoine as an bpobal agus roimh ionadaithe páirtithe leasmhara agus grúpaí leasa freastal ar chruinnithe an Údaráis go poiblí. Níl aon táille ar freastal ar cheann dár gcruinnithe agus má tá spéis agat freastal ar cheann tabhair cuairt le do thoil ar Chruinnithe ar na Bacáin chun sonraí a fháil faoi chruinnithe sa todhchaí.  Iarraimid go gcláródh an lucht freastail sula bhfreastalaíonn siad ar chruinniú ag úsáid na saoráide áirithinte ar an leathanach Cruinniú ar na Bacáin chun pleanáil cumais a éascú agus chun saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a bhainistiú. 

Is teagmháil a bhíonn sa chruinniú idir an tÚdarás agus Coimisinéir na nGardaí agus bíonn baill den phobal agus na meáin i láthair chun féachaint air. Ní bheidh aon deis ag an lucht féachana a bheith rannpháirteach sa chruinniú.

Tabhair cuairt ar Treoirlínte chun freastal ar chruinnithe den Údarás chun tuilleadh sonraí a fháil faoi freastal ar chruinnithe a bhíonn ar siúl go poiblí