Ceapacháin an Gharda Síochána

Tá réimse feidhmeanna ag an Údarás Póilíneachta a bhaineann le daoine a cheapadh le poist sa Gharda Síochána, an méid seo a leanas ina measc:

  • daoine a ainmniú lena gceapadh ag an Rialtas le poist Choimisinéir an Gharda Síochána agus Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána.
  • tabhairt faoi chomórtais roghnúcháin le daoine a cheapadh leis na céimeanna seo a leanas: Coimisinéir Cúnta, Ard-Cheannfort agus Ceannfort sa Gharda Síochána agus chun ceapacháin a dhéanamh leis na céimeanna seo;
  • Líonta agus gráid na foirne sibhialtaí a fhaomhadh le toiliú an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; agus
  • Ceapacháin a dhéanamh le poist shinsearacha shibhialtacha sa Gharda Síochána;

Níl aon chomórtais de chuid an Gharda Síochána ar siúl faoi láthair. Tá eolas faoi ceapacháin roimhe seo agus cáipéisí faoi chomórtais roimhe seo le fáil thíos.

Previous Competitions