Leagtar amach leithdháileadh airgeadais an Údaráis gach bliain sna Meastacháin Chaiteachais arna bhfoilsiú ag an Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe. Foilsítear na Meastacháin Chaiteachais mar chuid de dhoiciméid na Cáinaisnéise bliantúil agus cuirtear mionsonraí breise maidir leis an leithdháileadh beartaithe ar fáil san Imleabhar Meastachán Athbhreithnithe arna fhoilsiú ag an Dáil agus ar a vótálann sí.

Foilseoidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste Cuntais Leithreasa iniúchta an Údaráis gach bliain sna Cuntais Leithreasa. Cuirfear olltoradh buiséid bliantúil an Údaráis san áireamh freisin i dTuarascáil Bhliantúil an Údaráis a bheidh ar fáil ar ár suíomh Gréasáin.

Prompt Payment Returns