Le hAcht an Gharda Síochána (An tÚdarás Póilíneachta agus Forálacha Ilghnéitheacha) 2015, tugtar réimse leathan feidhmeanna don Údarás agus is féidir iad sin a léamh i Sainchúram an Údaráis Póilíneachta.  

Ceithre huaire sa bhliain ar a laghad, reáchtálann an tÚdarás cruinnithe poiblí le Coimisinéir an Gharda Síochána maidir leis na feidhmeanna sin. Is féidir teacht ar eolas maidir leis na cruinnithe sin agus naisc chuig taifid de chruinnithe roimhe seo i gCruinnithe an Údaráis.