Is cliant de chuid na hOifige um Sholáthar Rialtais é an tÚdarás agus is í an oifig sin a fhaigheann formhór mór dár gcuid earraí agus seirbhísí. Foilsíonn an Oifig a fógraí réamhthairisceana, tairisceana agus dámhachtana ar shuíomh gréasáin eTenders agus faisnéis ghaolmhar ar shuíomh gréasáin na hOifige um Sholáthar Rialtais.

I gcás ina bhfuil líon beag tairiscintí a bhaineann go sonrach leis an Údarás nach dtagann faoi shainchúram na hOifige sin, foilseoimid go díreach ar shuíomh gréasáin eTenders.