Cuireann Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 de cheangal ar chomhlachtaí Saorála Faisnéise an méid is mó faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú go rialta ar bhonn oscailte agus inrochtana lasmuigh de Shaoráil Faisnéise, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta mar a leagtar amach san Acht iad. Ceadaítear leis sin foilsiú nó tabhairt taifid lasmuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise, ar choinníoll nach bhfuil a leithéid d’fhoilsiú nó de thabhairt rochtana toirmiscthe le dlí. Faoin scéim, tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí Saorála Faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo.

Tá teacht thíos ar Scéim Foilseacháin um Shaoráil Faisnéise de chuid an Údaráis. Sa tábla, tá naisc chuig leathanaigh ar a bhfuil eolas ábhartha maidir leis na catagóirí, chomh maith le naisc chuig eolas ábhartha ar shuíomh Gréasáin an Údaráis. Mura féidir leat teacht anseo ar an eolas atá uait, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás trí na roghanna a leagtar amach thíos faoi Shonraí Teagmhála. Mura bhfuil an t-eolas atá uait curtha ar fáil ag an Údarás go poiblí faoi láthair, seans gur mhaith leat Iarratas ar Shaoráil Faisnéise a dhéanamh