Cruinniú Poiblí

22
Lún
2016
3:38pm

Cód Eitice don Gharda Síochána

Comhairliúchán

Preaseisiúint

Foilsiú an dréacht-Chóid Eitice don Gharda Síochána agus an Comhairliúchán air

Tá áthas ar an Údarás Póilíneachta an dréacht-Chód Eitice don Gharda Síochána uaidh a fhoilsiú agus tá sé ag iarraidh aighneachtaí faoin dréacht-Chód faoi láthair.

D’iarr an tÚdarás réamhthuairimí ar an gCód Eitice i mí Aibreáin i mbliana. Tar éis tréimhse ina ndearna sé taighde agus breithniú ar na haighneachtaí a fuarthas, d’fhorbair an tÚdarás dréachtChód tosaigh atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin anois.

Is ionann an iarraidh seo ar réamhthuairimí agus ar réamhbharúlacha agus deis thábhachtach atá ag páirtithe leasmhara sa phobal, fostaithe den Gharda Síochána, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhlachtaí reachtúla ábhartha a dtuairimí ar an dréacht-Chód a chur in iúl. Ba cheart freagraí ar an gcomhairliúchán seo a bheith faighte tráth nach déanaí ná deireadh gnó Dé hAoine an 23 Meán Fómhair 2016. Tar éis an dáta sin, agus tar éis dó breithniú cuí a dhéanamh ar na haighneachtaí uile a fuarthas, rachaidh an tÚdarás ar aghaidh chun an Cód Eitice a thabhairt chun críche roimh an spriocdháta reachtúil an 31 Nollaig 2016.

Anuas air sin, beidh imeacht comhairliúcháin á reáchtáil ag an Údarás. Beidh sé ar siúl

Déardaoin an 8 Meán Fómhair 2016 i dTeach na gCuntasóirí Cairte, 47-49 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2. Is ar an gCód Eitice don Gharda Síochána a bheifear ag díriú sa seisiún maidine ó 10.00 go dtí 12.30. Is é aidhm an imeachta ná an oiread aiseolais is féidir a fháil ón lucht freastail agus féadann baill den phobal clárú le haghaidh freastal ar an imeacht ach an nasc atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin a úsáid.