Ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, cuireadh tús le feidhmeanna an Údaráis Phóilíneachta a bhaineann le ceapacháin a dhéanamh leis na céimeanna seo a leanas: Coimisinéir an Gharda Síochána, Ard-Cheannfort agus Ceannfort faoi Rialacháin Acht an Gharda Síochána, 2005, 2016 (I.R. 641 de 2016) ("na Rialacháin"). 

Chuir an tÚdarás fáilte roimh thosú na bhfeidhmeanna reachtúla seo mar gharsprioc shuntasach in athchóiriú agus nuachóiriú na seirbhíse póilíní in Éirinn óir go raibh sé an chéad uair go ndearna comhlacht seachtrach ceapacháin le céimeanna an Gharda Síochána.

Fógraíodh an chéad chomórtas, ceapachán le céim Choimisinéara Chúnta, go déanach in Eanáir 2017. Tugadh an comórtas trí chéim chun críche an 21 Márta agus rinneadh an chéad cheapachán an 23 Márta. Rinneadh na chéad cheapacháin le céimeanna Ard-Cheannfoirt agus Ceannfoirt i Meitheamh agus Iúil 2017, faoi seach. Ar an iomlán, rinneadh 52 ceapachán sa chéad bhliain de chomórtais.

In 2018, tugadh comórtais do Cheannfort chun críche agus bunaíodh painéal in Iúil agus táthar ag tabhairt faoi Chomórtais faoi láthair do cheapachán le céim Ard-Cheannfoirt.