Inrochtaineacht

Cabhair d’Úsáideoirí faoi Mhíchumas

Tá an tÚdarás Póilíneachta tiomanta do leibhéal comhréireachta Trí-A a bhaint amach i dtaobh na dTreoirlínte maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an nGréasán a d’fhorbair an Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasáin (an WAI) agus a chomhlíonann Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht TF Náisiúnta na hÉireann.

 

An Eochair TAB a úsáid chun aistriú idir Naisc

Is féidir leat an eochair TAB a úsáid ar do mhéarchlár chun aistriú ó nasc amháin go dtí an chéad cheann eile. Cuireann gach barra nascleanúna ar an láithreán ord loighciúil ar fáil dó seo.

 

Formáidí Cáipéise

Tá go leor de na foilseacháin ar an láithreán gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF le léitheoireacht níos éasca agus cló as líne a chumasú. Ní bhíonn teacht gan stró ag daoine faoi mhíchumas ar an bhformáid seo i gcónaí.

Chun cáipéisí PDF a léamh, caithfidh Adobe Reader a bheith ar do ríomhaire.  Is féidir Adobe Reader a íoslódáil saor in aisce anseo.

 

Déan Teagmháil Linn

Má bhíonn aon deacrachtaí agat an láithreán seo a úsáid, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, trí ríomhphost a sheoladh chuig: info@policingauthority.ie.