An Coiste um Straitéis agus Feidhmíocht Póilíneachta

Déanann an Coiste monatóireacht agus meastóireacht ar fheidhmíocht laethúil an Gharda Síochána, agus díriú ar Leith ar an dul chun cinn a rinneadh in aghaidh an Phlean Póilíneachta bhliantúil. Cuireann an Coiste comhairle ar an Údarás ar chinneadh a dhéanamh faoi na Tosaíochtaí Póilíneachta bliantúla agus na spriocanna feidhmíochta agus ar Ráiteas Straitéise an Gharda Síochána, an Plean Póilíneachta bliantúil agus Tuarascálacha Bliantúla.